Ceisteanna Coitianta

© Clare Keogh/Fáilte Ireland/Comhairle Chontae na hIarmhí

Cad iad príomhchuspóirí an LNR?
Sprioc bheartais Cuspóir Phlean an LNR
1. Astaíochtaí ó iompar a laghdú trí thacú le haistriú córa iompair ó fheithiclí príobháideacha chuig rothaíocht agus siúl. 1.1 An méid turas ar rothar a mhéadú trí fheabhas a chur ar bhonneagar rothar sábháilte agus mealltach a sholáthar.
1.2 Feabhas a chur ar thimpeallachtaí agus ar bhithéagsúlacht áitiúil, sa chás gur féidir (e.g., pleananna pailneora, conairí glasa).
2. Taisteal gníomhach a spreagadh do ghníomhaíochtaí laethúla agus caitheamh aimsire. 2.1 Ceangal a dhéanamh le cinn scríbe straitéiseacha lasmuigh de cheantair uirbeacha, faoi mar is cuí (ionaid oideachais, ionaid fostaíochta, agus cinn scríbe fóillíocht san áireamh).
2.2 Tacú le cultúr rothaíochta agus siúil a fhorbairt in Éirinn.
3. Tacú le nascacht agus borradh geilleagrach ar cheantair réigiúnacha. 3.1 Ceantair uirbeacha ina bhfuil daonra breis agus 5,000 duine a cheangal leis na ceantair uirbeacha siúd a liostaítear i straitéis gréasán raonta rothar uirbeach an ÚNI.
3.2 Ceangal a dhéanamh le cinn scríbe straitéiseacha lasmuigh de cheantair uirbeacha, faoi mar is cuí (moil iompair agus cinn scríbe turasóireachta san áireamh).
3.3 Comhcheangal a dhéanamh le bonneagar reatha agus beartaithe rothar (glasbhealaí, bealaí sábháilte go scoileanna, gréasán EuroVelo, tionscadail Interreg san áireamh), faoi mar is cuí.
3.4 Comhcheangal a dhéanamh leis an mbonneagar rothar atá ann faoi láthair agus a bheartaítear i dTuaisceart Éireann, faoi mar is cuí.
4. Bonneagar sábháilte agus inrochtana a bheartú a spreagann aistriú córa iompair agus a chuireann teorainn ar idirghníomhú le feithiclí eile. 4.1 Úsáid bonneagar easbhóthair a spreagadh, sa chás gur cuí.
4.2 Nuair is éifeachtúil agus is éifeachtach, bealaí a spreagadh a úsáideann bóithre ‘ciúine’ ísealtráchta.
4.3 Dearadh bonneagar rothar a chur chun cinn atá go hiomlán inrochtana do gach úsáideoir, gan aird ar aois nó ar chumas.
4.4 Dearadh bonneagar rothar a chur chun cinn a shásaíonn riachtanais sábháilteachta.
4.5 Dearadh bonneagar rothar a chur chun cinn a sholáthraíonn timpeallacht shlán agus shábháilte do gach úsáideoir.
5. A chinntiú go mbaintear an chothromaíocht chuí amach idir luach ar airgead agus caighdeán an toraidh. 5.1 Conairí a bheartú leis an líon úsáideoirí a uasmhéadú.
5.2 Glasbhealaí, iarnróid nach n-úsáidtear a thuilleadh, canálacha, bóithre náisiúnta a bhfuil seachbhóthar ag dul thart orthu, bóithre réigiúnacha agus áitiúla agus conairí cianfhaid atá ann faoi láthair a chur san áireamh, faoi mar is cuí.
5.3 An úsáid a uasmhéadú a bhaintear as talamh atá faoi úinéireacht phoiblí, sa chás gur féidir.
5.4 Creat a chur ar fáil chun tacú leis an infheistíocht spriocdhírithe i dtionscadail taistil ghníomhaigh.
5.5 Ceachtanna a fhoghlaim ó dhea-chleachtas idirnáisiúnta i dtaobh líonra raonta rothaíochta a fhorbairt, go háirithe san RA agus i dtíortha ina ndéanann go leor daoine rothaíocht san AE.
5.6 A chinntiú go seasfaidh an acmhainn rotharbhealaí an aimsir, agus borradh faoin daonra agus éileamh breise ó aistriú córa iompair á gcur san áireamh.
An bhfuil sonraí breise ar fáil ar na príomhchéimeanna ar tugadh fúthu leis an dréachtphlean a fhorbairt?

Cathracha agus bailte ina bhfuil daonra níos mó ná 5,000 duine (bunaithe ar shonraí daonáirimh an POS 2016), anuas ar chinn scríbe straitéiseacha, cosúil le moil iompair agus calafoirt iad na cinn scríbe a chuirtear san áireamh sa LNR (de réir Chéim 1).

Nuair a bhíonn conairí beartaithe an LNR á bhforbairt (de réir Chéim 4), rinneadh bailte, lonnaíochtaí agus conláistí áitiúla breise (e.g., scoileanna, ionaid fostaíochta, áiseanna áineasa) a shainaithint agus a chur san áireamh, sa chás gurbh fhéidir.

Cén bailte a chuirtear san áireamh sa LNR?

Díríonn an LNR ar chathracha agus bailte ina bhfuil níos mó ná 5,000 duine a cheangal. Liostaítear breis agus 50 lonnaíocht den saghas sin ar léarscáil chonairí an LNR a bheartaítear bunaithe ar Dhaonáireamh 2016, gach lonnaíocht ina bhfuil breis agus 10,000 duine agus tromlach mór na lonnaíochtaí ina bhfuil breis agus 5,000 duine san áireamh. Ar an iomlán, tá breis agus 200 lonnaíocht ceangailte go díreach leis an LNR.

Beidh go leor bailte nach bhfuil ceangailte go díreach leis an LNR in ann teacht air trí ghréasáin raonta rothar eile atá comhcheangailte leis. Mar shampla, déanfaidh gréasáin raonta rothar chontae agus áitiúla atá á bhforbairt faoi láthair ceangail leis an LNR a chumasú, anuas ar bhealaí agus glasbhealaí EuroVelo.

An gceanglóidh an LNR ionaid uirbeacha?
Ceanglóidh, beartaítear go leanfaidh an LNR isteach in ionaid uirbeacha. Nuair atá gréasán raonta rothar uirbeach ann cheana féin (nó nuair a bheartaítear ceann a thógáil), beidh mar aidhm ag an LNR comhcheangal a dhéanamh leis an gcaighdeán is airde seirbhíse nó leis an mbealach is oiriúnaí chuig an ionad uirbeach (e.g., ceangal a dhéanamh le raon rothar scartha, seachas le lána rothar neamhchosanta). Nuair nach ann do ghréasán raonta rothar uirbeach (nó nuair atá sé i gcéim na pleanála), déanfar athmheasúnú ar phointí comhcheangailte an LNR ar aon dul le céimeanna pleanála. Táimid ag oibriú go dlúth leis an ÚNI lena chinntiú go gcomhcheanglaíonn an LNR go rathúil le gréasáin reatha agus phleanáilte uirbeacha fud fad na tíre.
Cad í an difríocht idir an LNR agus Straitéis na nGlasbhealaí?
Díríonn an LNR ar chathracha agus bailte ina bhfuil níos mó ná 5,000 duine a cheangal le gréasán raonta rothar sábháilte, ceangailte agus mealltach. Tá pleananna ann le rotharbhealaí a chruthú chun gach saghas turais a dhéanamh (fóntas, comaitéireacht, fóillíocht, turasóireacht) go cinn scríbe, cosúil le moil iompair, ionaid oideachais, ionaid fostaíochta, fóillíocht agus cinn scríbe turasóirí. Sa chás gur féidir, déanfaidh sé an fhéidearthacht a bharrfheabhsú go mbeidh daoine in ann rothaíocht mar chuid dá ngníomhaíochtaí laethúla, cosúil leis an obair nó comaitéireacht don oideachas. Tosaíonn agus críochnaíonn conairí an LNR, ar an ábhar sin, i gcathair nó i mbaile ina bhfuil breis agus 5,000 duine feadh conaire a dhéanann ceangal le bailte eile feadh an bhealaigh, chomh maith le cinn scríbe éagsúla, faoi mar a liostaítear thuas.

Is é an sainmhíniú a thugtar ar ‘Glasbhealach’ i Straitéis an Ghlasbhealaigh “conair áineasa nó do choisithe chun turais gan inneall a dhéanamh a fhorbraítear ar bhealach comhtháite a fheabhsaíonn timpeallacht agus caighdeán beatha an cheantair máguaird”. Díríonn glasbhealaí níos mó ar eispéireas cuartaíochta agus ar chonláiste caitheamh aimsire a sholáthar seachas díreach taisteal ó phointe A go pointe B. Ceangalaíonn glasbhealaí roinnt bailte, sráidbhailte agus cathracha, ach ní chruthaíonn siad gréasán comhtháiteach fud fad na tíre.

D’fhéadfadh roinnt glasbhealaí, nó stráicí de ghlasbhealach, a bheith oiriúnach lena chuimsiú sa LNR, ach ní chuirtear na glasbhealaí go léir san áireamh sa LNR.

Cén glasbhealaí a chuirtear san áireamh sa LNR?
Díríonn an LNR ar chathracha agus bailte ina bhfuil níos mó ná 5,000 duine a cheangal. Nuair a chuireann glasbhealaí atá ann faoi láthair nó a bheartaítear an ceangal sin ar fáil, cuimsítear isteach sa LNR a bheartaítear iad. Déanfar glasbhealaí eile atá ann faoi láthair nó a bheartaítear nach gcuireann an ceangal sin ar fáil, cé go bhféadfadh go dtosaíonn nó go gcríochnaíonn siad i ngar don LNR, a chuimsiú isteach sa LNR ach ní bheidh siad mar chuid den LNR.
Cad iad bealaí EuroVelo?
Gréasán 17 rotharbhealach cianfhaid é EuroVelo a cheanglaíonn agus a aontaíonn ilchríoch iomlán na hEorpa. Tá 17 mbealach ann faoi láthair ina bhfuil fad breis agus 90,000 ciliméadar de chúrsaí taistil rothaíochta. Tá dhá bhealach EuroVelo in Éirinn faoi láthair: Gabhann “Cósta an Atlantaigh” de chuid EuroVelo 1 siar ó Bhéal Feirste go Doire agus ansin feadh chóstaí an Iarthair agus an Deiscirt agus críochnaíonn sé i Ros Láir. Gabhann sé ar feadh beagnach 2,300 ciliméadar i bPoblacht na hÉireann, go príomha mar bhealach ina bhfuil cuaillí eolais in airde feadh bóithre atá ann faoi láthair, chomh maith le roinnt glasbhealaí. Liostaítear é mar “Bealach forbartha le comharthaí EuroVelo”. Gabhann bealach “Príomhchathracha” EuroVelo 2 ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath. Tá an bealach go hiomlán forbartha idir Maigh Nuad agus Baile Átha Luain agus gabhann feadh Ghlasbhealach na Canála Ríoga ar Ghlasbhealach Chonair an tSeaniarnóid. Tá an bealach á fhorbairt go fóill laistiar de Bhaile Átha Luain.

Is féidir teacht ar bhreis eolais ar bhealaí EuroVelo ar an  láithreán gréasáin https://en.eurovelo.com/

Cad é an chéad rud eile?
Tar éis dúinn ár n-anailís a dhéanamh ar aiseolas poiblí, críochnófar tuarascáil i Lúnasa 2022 ar an Líonra Náisiúnta Raonta Rothaíochta a bheartaítear ina gcuimseofar an t-aiseolas a fuarthas. Déanfar pleananna mionsonraithe leis an LNR a thabhairt isteach sna blianta amach romhainn a fhorbairt ansin.

Soláthrófar an LNR féin trí shraith céimeanna rollacha cúig bliana ag údaráis áitiúla. Sainaithneofar i measúnú tosaigh na conairí atá le soláthar i ngach céim den chur i bhfeidhm. Deimhneofar an chéim trí dhul i gcomhairle le húdaráis áitiúla lena dheimhniú gur féidir na bealaí éagsúla a sholáthar laistigh de na hamfhrámaí a dtugtar cuntas orthu. Beidh an chéad chéim um chur i bhfeidhm ar siúl ó 2023 go 2025. Cuirfear céimeanna ina dhiaidh sin ar siúl gach cúig bliana – ag tosú in 2026-2030.

Cén treoir a thugann an LNR maidir le measúnuithe na timpeallachta?

Cloífidh gach tionscadal an LNR amach anseo le gach measúnú riachtanach na timpeallachta ag céimeanna an dearaidh agus an fheidhmithe agus déanfaidh sé freisin na bearta atá san áireamh ina Mheasúnú Cuí (AA) a mheas do gach conair an LNR. Ní chuirfear aon tionscadal a mbeadh drochthionchar aige ar shláine láithreáin Eorpaigh chun cinn.

Beidh gá le hiniúchadh a dhéanamh ar haon tionscnamh a thugtar ar aghaidh faoi gach conair. Mar sin, ba cheart go ndéanfaí scagadh an Mheasúnuithe Cuí (AA) ar leibhéal an tionscadail chun a chinneadh an mbeadh drochthionchar ag an tionscnamh/ag an gconair ar shláine suíomhanna Eorpacha* ina aonar nó i gcomhar le pleananna agus tionscadail eile.

Níl ligfear le haon tionscadal dul ar aghaidh as a eascraíonn tionchair charnacha, dhíreacha, indíreacha nó tánaisteacha suntasacha ar shuíomh Natura 2000 ag eascairt as a mhéid nó a scála, nó as éilimh na talún, as an ngaireacht, riachtanais na n-acmhainní, na hastaíochtaí (diúscartha talún, uisce nó aer), riachtanais an iompair, fad tréimhse na tógála, an t-oibriú, an díchoimisiúnú nó aon éifeachtaí eile ar bhonn an phlean seo (ina aonar nó i gcomhar le pleananna nó le tionscadail eile ) agus ba cheart go mbeadh gach tionscadal a thabharfar ar aghaidh faoin bPlean an LNR faoi réir scagadh an mheasúnaithe is cuí do leibhéal an tionscadail.

Beidh ar gach tionscadal a chuirtear ar aghaidh tríd an bplean Plean Bainistíochta um Thimpeallacht na Tógála (PBTT) a chr ar fail chun a chinntiú go gcomhlíontar gach reachtaíocht lena bhaineann.

* Tugtar ‘suíomhanna Eorpacha’ le chéile ar Limistéir Caomhnaithe ar Leith (LCLanna) agus Limistéir ar Leith faoi Chosaint (LLCanna).

Conas a dhéanfar ábhair imní na timpeallachta a imeascú i bpleanáil bealaí an LNR amach anseo?

Tugadh aghaidh ar na rioscaí a mbaineann le cosaint agus le sláine na gceisteanna cáilitheacha agus cuspóirí an caomhantais i leith líonra Natura 2000 trí bhearta maolaithe a chur san áireamh a thabharfaidh tosaíocht do sheachaint na dtionchar ar an gcéad dul síos agus do mhaolú na dtionchar nuair nach féidir a leithéid a sheachaint. Ina theannta sin, beidh gach plean agus tionscadal ar an mbunleibhéal a thagann as cur i bhfeidhm an LNR iad féin faoi réir Measúnacht Chuí (AA) nuair a bheidh sonraí breise an dearaidh agus an tsuímh ar eolas.

Agus ailíniú deiridh an bhealaigh á chinneadh, beidh gnáth-phrionsabal i bhfeidhm go seachnófar aon tógáil nua laistigh de 200m ó aon suíomh Eorpach* mar chéad rogha. I gcás ina dtrasnaítear an chonair suíomh Eorpach, ba cheart na bóithre agus na droichid atá ann cheana féin a úsáid chun an rotharbhealach a iompar, más féidir, agus níor cheart aon soilsiú nua a thabhairt isteach i limistéir nach bhfuil á shoilsiú faoi láthair muna féidir a léiriú nach mbeadh aon drochthionchar ag a leithéid ar shláine an láithreáin.

Nuair a thrasníonn an rotharbhealach suíomh Eorpach, beidh gá freisin le haon mionriachtanais an dearaidh (m’sh. cosc a chur ar rochtain) a mheas ag leibhéal an tionscadail maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhéadú glan ar an rochtain áineasch ar, nó ar an mbrú laistigh den suíomh Eorpach agus a fháil amach go cinnte an féidir glacadh lena leithéid. Má theastaíonn aon tógáil nua laistigh de 200m chun an rotharbhealach a fhorbairt, beidh gá le measúnú a dhéanamh ar an torann agus ar cháilíocht an aeir (agus d’fhéadfadh maolú ar thorann agus ar cháilíocht an aeir a chur san áireamh chomh maith) lena chinntiú nach bhfuil aon clampar a bhaineann leis an tógáil a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar éanlaith an LLC nó ar thruailliú suntasach an aeir ar ghnáthóga íogaire.

Ní mór breithniú a dhéanamh ar aon seans go gcaillfear gnáthóg atá nasctha go feidhmiúil d’éanlaith an LLC chomh luath agus a chinnfear conair dáiríre an rotharbhealaigh. Ní bheidh gá lena leithéid ach amháin má tá tógáil nua ag teastáil laistigh de ghnáthóg nádúrtha agus gur caillteanas réasúnta suntasach na gnáthóige atá i gceist; baineann tábhacht lena leithéid toisc gur fíorbheagán talún a bhíonn ag teastáil le haghaidh rotharbhealaigh. Sa chás sin, d’fhéadfadh go mbeadh gá le suirbhéanna ar éin gheimhrithe chun an úsáid a bhaineann éanlaith an LLC as na gnáthóga a chinneadh agus, ina dhiaidh sin, mionhcoigeartuithe an dearaidh a dhéanamh chun a chinntiú nach dtiocfadh aon chaillteanas ábharach as an mbealach nó, más gá, go gcuirfí maolú cuí ar fáil d’fhonn a bheith cinnte nach mbeadh aon drochéifeacht ar sláine an an tsuímh Eorpaigh sula gceadaítear an obair tógála.

* Tugtar ‘suíomhanna Eorpacha’ le chéile ar Limistéir Caomhnaithe ar Leith (LCLanna) agus Limistéir ar Leith faoi Chosaint (LLCanna).